Image for Sciorrfhocail

Sciorrfhocail

See all formats and editions

Trí ghearrscéal agus úrscéal amháin le scríbhneoir Fionlannach a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge ó scéalaithe agus ó scríbhneoirí móra na Gaeltachta sular tháinig sé go hÉirinn den chéad uair.

Seo iad na scéalta Gaeilge a chum sé ina fhear óg dó, agus iad ar fáil faoi chlúdach leabhair anois.

Scéalta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhraí an uaignis díobh agus iad ag tóraíocht an ghrá. -- "Ainmhian na Máistreása Óige": Cailín cráifeach í Pia nár thuig bealaí an ghrá riamh.

Ach anois, chuaigh an grá féin i luíochán roimpi. -- "Craiceann": Tháinig mac léinn óg ar cuairt chuig a thuismitheoirí le súil a chaitheamh ar na seanbhólaí.

Céard a chasfar air cois an locha i gcroí na coille, meas tú?

Céard eile ach an grá féin! -- "Béarlóir Deireanach an Domhain": Chuaigh an Ghaeilge ar fud an domhain.

Níl ach Gaeilge Uladh ag na Meiriceánaigh, agus fágadh an Béarla in áit na leathphingine i Sasana féin.

Cén cineál saoil atá ag an mBéarlóir deireanach ar an saol seo? -- "Tachtaimis an Grá Sin": Fear óg cúthail é Somhairle nach bhfuil de chairde aige ach ógánach uaigneach eile agus nach bhfuil de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag amharc ar na físghránnáin.

Ach lá amháin, castar cailín air nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i Narkkaus, baile beag in Oirthear na Fionlainne.

Read More
Special order line: only available to educational & business accounts. Sign In
£12.71 Save 15.00%
RRP £14.95
Product Details
Evertype
190480831X / 9781904808312
Paperback / softback
01/11/2009
United Kingdom
226 pages, 1, black & white illustrations
140 x 216 mm, 293 grams